Tar ag Obair Linn! Painéal Teagascóirí don Chlár Cuisle

Posted on 11 Jul 2025

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg Painéal Teagascóirí don Chlár Cuisle

Ar mhaith leat a bheith ag obair linn chun na healaíona dúchasacha a bhronnadh ar an gcéad ghlúin eile de phobal na Gaeltachta? 

Tá clár Cuisle de chuid Ealaín na Gaeltachta ag cur painéal teagascóirí le chéile don scoil bhliain úr, 2025-26. 

Tá teagascóirí spreagúla, fuinniúla á lorg againn, a bhfuil suim acu oibriú le daoine óga agus na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn ar fud Chonamara agus oileáin Árann.

Más ceoltóir, amhránaí nó damhsóir ar an sean-nós thú agus má tá suim agat do chuid buanna a roinnt leis an gcéad ghlúin eile, déan teagmháil linn. 

Cuir ríomhphost chuig cuisle@udaras.ie