Tar ag Obair linn! Oifigeach Ealaíon don Óige 

Posted on 11 Jul 2025

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg Oifigeach Ealaíon don Óige  

Ag freagairt don Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige, beidh an tOifigeach Ealaíon don Óige freagrach as gnéithe de chlár Chuisle — clár forbartha sna healaíona don óige — a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt de réir spriocanna óige Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 agus comhaontú Ealaín na Gaeltachta leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. 

Is post lánaimseartha é seo, 35 uair an chloig sa tseachtain.

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta i gceann de na réigiúin Ghaeltachta, agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile.

Tá na sonraí poist ar fáil ar ealain.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig ma.nifhearraigh@udaras.ie  

Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00i.n. ar an Déardaoin, 31 Iúil 2025.