Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg beirt Chúntóirí Riaracháin
Tá Ealaín na Gaeltachta ag tairiscint dhá phost lánaimseartha mar Chuntóirí Riaracháin.
Cúntóir Riaracháin (Ealaíona don Óige)
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar fhorbairt na n-ealaíon don óige i gcomhthéacs Gaeltachta. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona don Óige) le pleanáil, le riar agus le cur i bhfeidhm chlár Cuisle – an clár forbartha ealaíon don óige atá ag Ealaín na Gaeltachta. Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe.
Cúntóir Riaracháin (Ealaíona)
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar riaradh poiblí na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Ealaíona) le dualgais riaracháin agus comhordaithe i ngach foireann agus clár réigiúnach de chuid na heagraíochta agus cuirfidh le cláir agus le tionscnaimh forbartha ealaíon a chur ar fáil go héifeachtach. Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta i gceann de na réigiúin Ghaeltachta.
Is poist lánaimseartha iad seo, 35 uair an chloig sa tseachtain. Beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile.
Tá na sonraí poist ar fáil ar www.ealain.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig ma.nifhearraigh@udaras.ie
Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00i.n. ar an Déardaoin, 28 Lúnasa 2025. Beidh orthu siúd a chuirfear ar an ngearrliosta a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh sa tseachtain dar tús an 8 Meán Fómhair. Beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar i mbun oibre i mí Dheireadh Fómhair 2025.