Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Ealaín na Gaeltachta 2025
Is é aidhm na scéime seo ná tacú le healaíontóirí gairmiúla aonaracha, atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht, agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, am a chur ar leataobh i dtreo barr feabhais a chothú ina gcleachtas. Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí Gaeltachta in aon réimse cleachtais ealaíne agus atá ag aon staid dá gcleachtas gairmiúil. €5,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 1, agus €10,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 2.
Seisiúin Eolais faoi Scéim Sparánachta Ealaín na Gaeltachta
Cuirfear seisiúin eolais ar fáil ar líne chun tuilleadh eolais a thabhairt ar an scéim.
Dé Máirt 17 Meitheamh 19:00 – 20:30
Dé Céadaoin 18 Meitheamh 10:00 – 11:30
Chun clárú, seol ríomhphost chuig ealain@udaras.ie. Cuir Seisiún Eolais Sparánachta Ealaín na Gaeltachta i líne an ábhair agus luaigh cé acu dáta is fearr a oireann duit.
Spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar an scéim: 17 Iúil