Scéim Forbartha na nEalaíon Ealaín na Gaeltachta

Posted on 11 Jul 2025

An bhfuil tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar Scéim Forbartha na nEalaíon i mbliana chun togra nó gníomhaíocht ealaíon d’ardchaighdeán a chur ar siúl sa Ghaeltacht? Is é an chéad spriocdháta eile d’iarratais ná 25 Meán Fómhair 2025. Tabhair faoi deara go bhfuil mionleasuithe déanta ar an scéim an babhta seo. Má tá tú ag ullmhú d’iarratais, bí cinnte go léann tú an treoir agus an fhoirm iarratais leasaithe atá ar fáil anois ar shuíomh Ealaín na Gaeltachta.  

Maoiniú ar fáil: idir €1,000 agus €15,000 

Spriocdháta: Déardaoin 25 Meán Fómhair 2025, 5 i.n.

Tuilleadh eolais ar fáil ag www.ealain.ie