Ceardlanna Airgeadais d’Ealaíontóirí & d’Fhéilte le Gaby Smyth

Posted on 11 Jul 2025

Ceardlann d’Fhéilte  
Dáta: 21 Iúil  
Am: 7.00 i.n  
Ábhar: Bainistiú airgid, coinneáil cuntas, cáin & rialachán ábhartha d’eagraithe féilte 
Láthair: Ar Líne – Microsoft Teams.

Ceardlann d’Ealaíontóirí  
Dáta: 24 Iúil  
Am: 7.00 i.n  
Ábhar: Bainistiú airgid, coinneáil cuntas, díolúine chánach (Tax Exemption), CBL, agus eile 
Láthair: Ar Líne – Microsoft Teams. 

Cláraigh anseo

Mar chuid dár dtacaíocht leanúnach d’earnáil na n-ealaíon sa Ghaeltacht, beidh Ealaín na Gaeltachta ag reáchtáil dhá Cheardlann Airgeadais le Gaby Smyth i mí Iúil. Tabharfar eolas praiticiúil agus cuimsitheach ar bhainistiú airgid, coinneáil cuntas agus saincheisteanna cánach — le seisiún dírithe go sonrach ar eagraithe féilte, agus ceann eile ar ealaíontóirí aonair. Beidh deis ag rannpháirtithe ceisteanna a chur i rith na gceardlann. Is i mBéarla a chuirfear an cheardlann i láthair. 

Is comhalta de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte é Gaby Smyth. Tá os cionn 20 bliain de thaithí aige ag tabhairt comhairle gnó agus cánach do dhaoine aonair agus do chomhlachtaí, go háirithe i réimse na litríochta, ceoil, scannánaíochta agus amharclannaíochta.