Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse
Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse
Is mian le Tearmann Éanna CTR Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse a earcú
Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse
Oibríonn agus tacaíonn Tearmann Éanna CTR le daoine scothaosta, lena dteaghlaigh agus lena ndaoine muinteartha a dteastaíonn uathu éileamh agus úsáid a bhaint as an réimse seirbhísí atá á sholáthar ag an eagraíocht mórthimpeall cheantar feidhme Chonamara Theas. Is í an Ghaeilge teanga oibre Thearmann Éanna.
Is mian le Tearmann Éanna CTR Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse a earcú, lonnaithe i gceannáras na heagraíochta ar An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
Ag freagairt don Bhainisteoir Ginearálta, beidh an tOifigeach Tacaíochta Seirbhíse freagrach as:
- Bainistiú shruthanna oibre, uainchlár oibre, agus saoire na gcúramóirí
- Tacaíocht agus stiúradh laethúil a thabhairt d’fhoireann chúramóirí
- Cumarsáid le gaolta cliant agus bainistiú coimhlinte go foighneach
- Freagairt ar fiosrúcháin ón FSS laistigh de thréimhsí ama shonracha
- Tá scileanna láidre i Microsoft 365 (go háirithe Excel), cumas eagraíochta, foighne agus tuiscint mhaith ar oibríochtaí laethúla na seirbhíse riachtanach don ról seo.
Is í an Ghaeilge teanga oibre Thearmann Éanna agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Is iad na gnáthuaireanta oibre oifige an 9:00rn go 5:00in ó Luan go Déardaoin agus 9:00rn go 4:00in ar an Aoine.
Faoin gConradh um Bunuaireanta Oifige, lena gclúdaítear 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, íocfar Olltuarastail Bliantúil €35,000 - €40,000. Ba chóir d’iarrthóirí a bheith ar an eolas go dtosófar an tuarastal ag an bpointe íosta ar an scála tuarastail, agus nach ndéanfar aon athrú ar an bpointe tosaigh seo.