Painéal daoine á fhorbairt le feidhmiú ar Bhord Stiúrtha & ar choistí eile Glór na nGael

Posted on 16 May 2019

Tá Bord Stiúrtha Ghlór na nGael ag forbairt painéil daoine a bheadh sásta feidhmiú ar Bhord Stiúrtha, ar Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí nó ar fho-choistí eile na heagraíochta (a bhunófar ó am go ham).

Cuirfear spéis faoi leith roimh dhaoine le taithí oibre agus/nó cúlraí, mar seo a leanas;

 

a. Tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge

b. Mná

c. Lonnaithe sna Sé Chontae (Tuaisceart Éireann)

d. Forbairt pobail

e. Forbairt na fiontraíochta

f. Réimse gnó g. Cúlra cuntasaíochta/airgeadais/iniuchóireachta

 

An 14 Meitheamh 2019 an dáta deireanach le haghaidh iarratais.

Eolas ar fáil ag: 

https://www.glornangael.ie/ginearalta/paineil-daoine-a-fhorbairt-le-feidhmiu-ar-an-mbord-stiurtha-coisti/

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le Ceannasaí Ghlór na nGael ag lorcan@glorangael.ie nó ar 00353 87 9790193.

Más spéis leat a bheith san áireamh, seol litir chuig lorcan@glornangael.ie ag sonrú cén ról a cheapfá go mbeifeá go maith aige agus an taithí atá agat tabhairt faoi.