Feidhmeannach Margaíochta (gteic)

Details

Job Type
Administration
Communications & Marketing
Employer
Údarás na Gaeltachta
Region
Ireland
Hours
Position
Closes:
Logo Údarás na Gaeltachta

Feidhmeannach Margaíochta (gteic)

Ról margaíochta chun feasacht agus eolas an phobail ar ghréasán gteic a threisiú trí anailís, pleanáil, bainistiú tionscadal agus feachtais.

Tá ríthábhacht straitéiseach leis an ngréasán gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta - agus aithnítear forbairt an ghréasáin ar cheann de thionscadail bharrthosaíochta Údarás na Gaeltachta. Is é an fhís bhunúsach atá ag an Údarás ná go mbeidh pobail Ghaeltachta inbhuanaithe á gcothú le gach gné den saol, atá fréamhaithe sna mórthéamaí fócais: ‘Cumasú, Neartú, Inbhuanaitheacht’. Soláthraíonn na láithreacha gteic agus an t-éiceachóras a ghabhann leis deiseanna ollmhóra i gcomhthéacs na fostaíochta réigiúnaí sna ceantair Ghaeltachta, i ndáil le féidearthachtaí cianoibre, comhoibre agus na hoibre hibridí.

Lena chois sin, tá sé mar aidhm aige tacú le cruthú fostaíochta, cothú nuálaíochta agus soláthar oiliúna in earnálacha amhail an teicneolaíocht, an earnáil dhigiteach agus na tionscail chruthaitheacha. Cuireann an gréasán seirbhísí riachtanacha ar fáil, lena n-áirítear leathanbhanda ardluais, spásanna comhoibre, agus deiseanna gréasánaithe, oiliúna agus comhfhoghlama. Sa chomhthéacs seo, tacaíonn sé le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus le neartú pobail agus teanga sna ceantair Ghaeltachta. Beidh ról lárnach pleanála agus straitéiseach ag an bhFeidhmeannach Margaíochta (Gréasán gteic), i comhar leis an gCeannasaí Mol Digiteach, tairbhí agus infheictheacht a ndeiseanna uathúla sin a chraobhscaoileadh agus eolas an phobail a threisiú ina leith.

Is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.

Beidh an post seo lonnaithe i Mol gteic aontaithe de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaillimh

Application Details

Ba chóir do gach iarrthóir dul chuig Poist Údarás na Gaeltachta | Fostaíocht | Fostaíocht & Oiliúint | Údarás na Gaeltachta cliceáil ar an bpost agus ansin litir chumhdaigh, a dhéanann cur síos ar a n-oiriúnacht don phost seo, agus CV cuimsitheach a sheoladh ar ríomhphost chuig foluntais@udaras.ie

Spriocdháta: 4:00in, 10 Iúil 2026.

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an spriocdháta.