Cúntóir Riaracháin (Ealaíona) le hEalaín na Gaeltachta
Cúntóir Riaracháin (Ealaíona) le hEalaín na Gaeltachta
Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Ealaíona) le dualgais riaracháin agus comhordaithe i ngach foireann agus clár réigiúnach de chuid na heagraíochta.
Cúntóir Riaracháin (Ealaíona)
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar riaradh poiblí na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Ealaíona) le dualgais riaracháin agus comhordaithe i ngach foireann agus clár réigiúnach de chuid na heagraíochta agus cuirfidh le cláir agus le tionscnaimh forbartha ealaíon a chur ar fáil go héifeachtach.
Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta i gceann de na réigiúin Ghaeltachta, agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile. Is post lánaimseartha é seo, 35 uair an chloig sa tseachtain.