Cúntóir Riaracháin (Ealaíona don Óige) le hEalaín na Gaeltachta

Details

Job Type
Administration
Employer
Ealaín na Gaeltachta
Region
Galway
Hours
Position
Closes:
Lógó Ealaín na Gaeltachta agus Cuisle

Cúntóir Riaracháin (Ealaíona don Óige) le hEalaín na Gaeltachta

Cuideoidh an ról seo le pleanáil, le riar agus le cur i bhfeidhm chlár Cuisle – an clár forbartha ealaíon don óige atá ag Ealaín na Gaeltachta.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag tairiscint post lánaimseartha mar Chúntóir Riaracháin (Ealaíona don Óige).

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar fhorbairt na n-ealaíon don óige i gcomhthéacs Gaeltachta. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona don Óige) le pleanáil, le riar agus le cur i bhfeidhm chlár Cuisle – an clár forbartha ealaíon don óige atá ag Ealaín na Gaeltachta. 

Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe. Is post lánaimseartha é seo, 35 uair an chloig sa tseachtain.

Application Details

Tá na sonraí poist ar fáil ar www.ealain.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig ma.nifhearraigh@udaras.ie  

Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00i.n. ar an Déardaoin, 28 Lúnasa 2025. Beidh orthu siúd a chuirfear ar an ngearrliosta a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh sa tseachtain dar tús an 8 Meán Fómhair. Beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar i mbun oibre i mí Dheireadh Fómhair 2025.  

Breis eolais ón Riarthóir, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall Teil.: (074) 95 60100 R-phost: ma.nifhearraigh@udaras.ie