Bainisteoirí Forbartha (gteic)

Details

Job Type
Administration
Management
Communications & Marketing
Other
Employer
Údarás na Gaeltachta
Region
Ireland
Hours
Position
Closes:
Logo Údarás na Gaeltachta

Bainisteoirí Forbartha (gteic)

Tá 3 ról Bainisteoirí Forbartha le líonadh ar fud ghréasán gteic: Gaoth Dobhair, Réigiún an Iarthair (Maigh Eo/Gaillimh) & an Deisceart (Corcaigh/Ciarraí).

Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil comórtais le daoine a cheapadh mar Bhainisteoirí Forbartha gteic.

Tá trí ról ar leith le líonadh agus gach ceann díobh suite i mol gteic difriúil mar seo a leanas: ceann amháin i gteic@Gaoth Dobhair, ceann amháin i Réigiún an Iarthair (Maigh Eo/Gaillimh), agus ceann i Réigiún an Deiscirt (Corcaigh/Ciarraí), go léir faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta. De bharr nádúr an róil, beidh taisteal rialta mórthimpeall an réigiúin ábhartha mar aon le turais níos leithne, de réir mar a bheidh riachtanach.

Is ról straitéiseach forbartha agus bainistíochta é seo atá dírithe ar fhorbairt agus ar bhainistiú an ghréasáin gteic i Réigiún an Tuaiscirt, Réigiún an Iarthair agus i Réigiún an Deiscirt, agus an gréasán gteic a chur chun cinn mar mhol digiteach d'ardchaighdeán chun fiontraíocht, fostaíocht agus gníomhaíochtaí oiliúna a spreagadh sna réigiúin.

Beidh na hiarrthóirí rathúla freagrach as gréasán digiteach inbhuanaithe a chruthú sna réigiúin faoi seach, trí thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí, do chianoibrithe agus do ghrúpaí pobail, agus trí phleananna straitéiseacha margaíochta agus forbartha gnó a chur i bhfeidhm, i gcomhar le Feidhmeannach Margaíochta (gteic) na rannóige agus leis an gCeannasaí Mol Digiteach.

Tuairisceoidh an duine a cheapfar don Cheannasaí Mol Digiteach agus beidh sé/sí ag obair go dlúth le foireann na rannóige agus leis an bhfoireann fiontraíochta agus nuálaíochta chun spriocanna fostaíochta, áitíochta, úsáide agus ioncaim an ghréasáin a bhaint amach.

Tá deis ann freisin comhoibriú le heagraíochtaí forbartha pobail eile sa ghréasán chun timpeallacht fhiontraíochta láidir a chothú sa Ghaeltacht.

Is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.

Application Details

Ba chóir do gach iarrthóir dul chuig Poist Údarás na Gaeltachta | Fostaíocht | Fostaíocht & Oiliúint | Údarás na Gaeltachta cliceáil ar an bpost agus ansin litir chumhdaigh, a dhéanann cur síos ar a n-oiriúnacht don phost seo, agus CV cuimsitheach a sheoladh ar ríomhphost chuig foluntais@udaras.ie Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an 4:00 i.n. Dé hAoine, 10 Iúil 2026.

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an spriocdáta.