Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht Dhún na nGall (clúdach saoire mháithreachais)
Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht Dhún na nGall (clúdach saoire mháithreachais)
Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht Dhún na nGall (clúdach saoire mháithreachais)
Tar ag obair linn!
Is é misean Ealaín na Gaeltachta ná forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht, agus is de réir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 atáimid ag feidhmiú faoi láthair. Beidh sé de phríomhchúram ar an té a cheapfar an clár oibre i dtaca leis seo a chur i bhfeidhm i nGaeltacht Dhún na nGall, mar aon le tacú le hobair eile na heagraíochta.
Is post lánaimseartha é seo, ar chonradh cuspóra sheasta chun saoire mháithreachais a chlúdach (ag brath ar mhaoiniú leordhóthanach a bheith ar fáil). Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sa réigiún, agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile.